Top Navigation

Temple Bar Cultural Trust

Is cuideachta teoranta phríobháideach é Temple Bar Cultural Trust a bhíonn ag obair ar bhonn neamhbhrabúsach, le tacú leis an gcultúr anseo i mBarra an Teampaill.

Tá meas againn againn ar fhéinbhrath agus is as an ioncam maoine a fhaighimid a mhaoinimid ár lárghníomhaíocht ar fad.

Tacóimid le cultúr ar 4 shlí.

I dtús báire tugaimid aire do na 14 foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta ó thaobh an chultúir ag baint leo agus na 4 spás poiblí ar linn iad. Cuirimid lascainí ar fiú �2 mhilliún iad ar fáil do na healaíontóirí agus do na heagraíochtaí cultúir a bhaineann úsáid as ár bhfoirgnimh agus as ár spás. Tá tábhacht náisiúnta ag baint le go leor de na heagraíochtaí sin agus tá aitheantas tugtha dó sin ag an gComhairle Ealaíon a chuireann breis agus �9 milliún ar fáil in aghaidh na bliana (15% de leithdháilleadh náisiúnta na ndeontas ioncaim) chun tacú lena gcuid oibre.

Ar an dara dul síos, déanaimid saothar nua a choimisiúnú i ngach fhoirm ealaíne agus is maith linn a bheith ag obair i gcomhar le daoine eile chun saothair nua a chur i láthair, a léiriú agus a choimisiúnú.

Ar an tríú dul síos, eagraímid breis agus 250 imeacht cultúir saor in aisce gach bliain a bhíonn ar siúl amuigh faoin aer, lena n-áirítear Diversions, an imeacht chultúir faoin aer is mó atá saor in aisce agus a mhaireann níos faide ná aon cheann eile in Éirinn!

Ar an gceathrú dul síos táimid i mbun an Temple Bar Cultural Information Centre, Ionad uathúil ar féidir leat bualadh isteach ann agus áit a dtiocfaidh tú ar fhoireann cairdiúil le saineolas a chuideoidh leat an leas is fearr a bhaint as an am a chaithfidh tú i mBarra an Teampaill.

Tá foireann lánaimseartha de 13 ag an Temple Bar Cultural Trust agus tá sé rialaithe ag Bord arna cheapadh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.